Monday, February 1, 2016

Imeachtaí Gaeilge do Theaghlaigh Seachtain na Gaeilge - Corcaigh & Port Láirge

A chairde,
Iniata leis seo tá eolas maidir le imeachtaí do theaghlaigh a bheas ar siúl i gCo Phort Láirge & Corcaigh rith Seachtain na Gaeilge 2016.

Cuirfear sraith d’imeachtaí do theaghlaigh ar siúl i gCo Phort Láirge & Co Chorcaí thar deireadh seachtaine amháin (12 & 13 Márta 2016) i rith Seachtain na Gaeilge chun deis a thabhairt do theaghlaigh a bheith ag gníomhú lena chéile trí Ghaeilge agus chun nascanna a chothú le teaghlaigh eile atá (nó gur spéis leo go mbeadh) an Ghaeilge mar theanga baile acu.

1.  1. Lá Surfála & Spraoi, Freedom Scoil Surfála, An Trá Mhór, Co Phort Láirge ar 12/03/16 ó 11am – 1.30pm
2. Siúlóid Dúlra & Síoga, Siúlóid Anne Valley, Dún Aill, Co Phort Láirge ar 12/03/16 ó 3pm go 4.30pm
3. Teacht le Chéile Teaghlaigh, Gael-Taca, Port Uí Shúilleabháin, Corcaigh ar 13/03/16 ó 12pm go 2pm.
4. Siúlóid & Spraoi i bPáirc Mhic Gearailt, Corcaigh ar 13/03/16 ó 3pm-4.30pm.

Bheinn buíoch as gach tacaíocht chun an scéal seo a roinnt! Rithfear gach imeacht trí Ghaelainn amháin. Gaeilge & Fáilte roimh chách.

Le gach dea ghuí,

Cabríní

Cabríní de Barra
Oifigeach Forbartha
cabrini@glornangael.ie  | 058- 24642 / 083 - 4455914

Suíomh Gréasáin: www.glornangael.ie
Facebook: www.facebook.com/glornangael
Twitter: www.twitter.com/GlornanGael